Tuesday 27 January 2015

Fuinneamh

Seo alt a scríobh cailín i rang a cúig dúinn!
 
 
An chéad rud a rinneamar ná d’imríomar cúpla cluichí leis an daltaí ón gael-choláiste. Tar éis é sin rinneamar scilleanna sorcais le Johnny. Bhí cead againn seans a fháil ar rothar beag Johnny. Rinneamar go leor scileanna eile. Bhí sé an spraoiúil.

 

Ansin rinneamar ealaín. Rinneamar cárta Nollag le crann 3T air. Bhí cuma iontach ar na cártaí. Ansin chuaigh gach duine ag an gclós chun píosa súgradh a dhéanamh.

 

Nuair a tháinig gach duine ar ais, bhí an seó sorcas chun a bheth ar siúl.Bhí na tuismitheoirí ag teacht freisin. Ar dtús chanamar amhrán na Nollag go dtí gur tháinig Daidí na Nollag. Fuair gach duine milseáin ó Dhaidí na  Nollag. Fuair gach duine féirín beag ó Dhaidí na Nollag chomh maith. Ansin thosaigh an seó. BHí an seó iontach maith. Rinne Johnny go leor scileanna casta agus cleasanna.

 

Ansin tháínig Múinteoir Aoife chun aghaidh dathú a dhéanamh saor in aisce. Bhí sí go hiontach á dhgéanamh. Bhí go leor spraoi agam ag Fuinneamh!

 

Scríofa ag Aoibhínn Zobenko Rang 5

No comments:

Post a Comment