Tuesday 27 January 2015

Óg-Ógras

Seo alt a scríobh Saoirse i Rang a 6 dúinn faoin Ógras!

Thosaigh sé go léir amach domsa ag tús na bliana nuair a dúirt mé go raibh mé ag iarraidh freastal ar Ógras. In Ógras déanaimid sacar, greamaithe sa láib, seachin an liathróid agus go leor cluichí eile. Déanfaimid ealaín a bhaineann leis an bhféilire ar nós fearsneachta ag an Nollaig.

 
Le linn na gníomaíochtaí cócaireachta déanaimid bonnóga agus brioscaí. Bímid ag súgradh cluichí boird freisin.


Tháinig cailín ag an gclub chun cabhrú linn ár gcuidsamhlaíochta a usáid. Cúpla seachtain ó shin chuamar chun Paddington a fheiceáíl agus thaitin sé go mór liom. Cúpla seachtaine roimhe sin arís chuamar ag babhláíl i Kbowl agus fuaireamar rudaí deasa le n-ithe.

 

Scríofa ag Saoirse Ní Mhórdha Rang 6

No comments:

Post a Comment