Oíche Babhlála i gcomhpháirt le Gael-Choláiste Chill Dara
Is iomaí comhthionscnaimh a mbíonn againn leis an
ngael-choláiste. Creidimid go láidir gur chóir do dhaltaí leanúint leis an
oideachas trí Ghaeilge. D’éagraigh 1S i nGael-Choláiste Chill Dara oíche
babhlála do Rang 5 agus 6.
Tháinig siad ar cuairt chun na scoile chun insint dúinn
faoi ar dtús. Rinne Glór na Ríogh urraíocht ar an ocáid.
Creid nó ná creid bhí breis agus 100 duine i láthair ar
an oíche idir daltaí bunscoile agus meánscoile. Bhí an craic againn.Bhí Gaeilge
ag foireann KBowl agus bhí sé iontach Gaeilge a labhairt taobh amuigh den
scoil.
No comments:
Post a Comment