Thursday 21 April 2016

Rith

Bhí an-lá againn ag rith ar son Rith 2016 i rith Seachtain na Gaeilge. Bhí an scoil ar fad gníomhach ann. https://www.youtube.com/watch?v=TSL_4Dh5m5U

Wednesday 20 April 2016

Lá na bhFórógra



Bhí an choiste ag obair go dian inniu ag mealladh agus ag tacú lenár  gcuairteoirí chun Gaeilge a labhairt.  Uaireanta bíonn misneach de dhíth chun labhairt le strainséirí ach ní fada go raibh cairde nua déanta againn.




Raidió na Life



Iardhalta na scoile is ea Gabrielle Leleu agus tá sí i mbun oibre le Raidió na Life. Tháínig sí chun na scoile chun agallamh a dhéanamh leis na daltaí i dtaobh Seachtain na Gaeilge agus cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge dóibh.

Coirm Gael- Linn




Comhgairdeas le Rang 1 a d’fhreastal ar Choirm Gael- Linn ar an Máirt 2 Márta i Muileann gCearr leis an ndráma ‘Feargal an Fear Bréagach’. D’éirigh linn dhá ghradam a bhaint amach; ceann don Ghaeilge agus ceann don chanadh. Bhain siad an sult as an lá ach go háirithe Giggles an fear grinn agus an turas go Mc Donalds. Táímid ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn cheana féin.


Cuairt ón udar Treasa Ní Ailpín



Ba mhór an onór dúinn fáilte a chuir roimh an udár cailiúil Treasa Ní Ailpín ar an Luan 14 Márta. Chaith sí go leor ama sna ranganna naíonáin ag labhairt leis na páistí agus ag léamh scéil dóibh. Bhí na páístí ar bís Gaeilge a labhairt leis an gcuairteoir. Go raibh míle maith agat a Threasa as ucht a bheith linn.

Pizza trí Ghaeilge




Go raibh míle míle maith agaibh a mhúinteoirí agus a thuismitheoirí. IS BREÁ LINN PIZZA!




Friday 15 April 2016

Ceolchoirm le John Spillane



Le seachtain anuas níl ach canadh le cloisteáil i nGaelscoil Nas na Ríogh agus gach rang ag foghlaim amhrán tradisiúnta as Gaeilge. Ach b’fhiú an t-iarracht ar fad mar tháinig John Spillane le canadh linn ar an Deardaoin. Bhí an ceolchoirm thar barr agus bhaineamar an sult as ach go háirithe na múinteoirí ag canadh in an-aonar. Dár le John nach raibh siad ró mhaith ar chor ar bith ach bhíomar (na páistí) ar fheabhas ar fad!


Uachtar reoite

Buaicphointe Seachtain na Gaeilge  ná Uachtar Reoite. Nach bhfuil an t-adh linn go bhfuil Gaeilge ag an bhfreastalaí. Ana ana bhlasta ar fad