Thursday 21 April 2016
Rith
Bhí an-lá againn ag rith ar son Rith 2016 i rith Seachtain na Gaeilge. Bhí an scoil ar fad gníomhach ann. https://www.youtube.com/watch?v=TSL_4Dh5m5U
Wednesday 20 April 2016
Lá na bhFórógra
Bhí an choiste ag obair go dian inniu ag mealladh agus ag
tacú lenár gcuairteoirí chun Gaeilge a
labhairt. Uaireanta bíonn misneach de
dhíth chun labhairt le strainséirí ach ní fada go raibh cairde nua déanta
againn.
Raidió na Life
Iardhalta na scoile is ea Gabrielle Leleu agus tá sí i
mbun oibre le Raidió na Life. Tháínig sí chun na scoile chun agallamh a
dhéanamh leis na daltaí i dtaobh Seachtain na Gaeilge agus cé chomh tábhachtach
is atá an Ghaeilge dóibh.
Coirm Gael- Linn
Comhgairdeas le Rang 1 a d’fhreastal ar Choirm Gael- Linn
ar an Máirt 2 Márta i Muileann gCearr leis an ndráma ‘Feargal an Fear
Bréagach’. D’éirigh linn dhá ghradam a bhaint amach; ceann don Ghaeilge agus
ceann don chanadh. Bhain siad an sult as an lá ach go háirithe Giggles an fear
grinn agus an turas go Mc Donalds. Táímid ag tnúth go mór leis an mbliain seo
chugainn cheana féin.
Cuairt ón udar Treasa Ní Ailpín
Ba mhór an onór dúinn fáilte a chuir roimh an udár
cailiúil Treasa Ní Ailpín ar an Luan 14 Márta. Chaith sí go
leor ama sna ranganna naíonáin ag labhairt leis na páistí agus ag léamh scéil
dóibh. Bhí na páístí ar bís Gaeilge a labhairt leis an gcuairteoir. Go raibh
míle maith agat a Threasa as ucht a bheith linn.
Friday 15 April 2016
Ceolchoirm le John Spillane
Le seachtain anuas níl ach canadh le cloisteáil i
nGaelscoil Nas na Ríogh agus gach rang ag foghlaim amhrán tradisiúnta as
Gaeilge. Ach b’fhiú an t-iarracht ar fad mar tháinig John Spillane le canadh
linn ar an Deardaoin. Bhí an ceolchoirm thar barr agus bhaineamar an sult as
ach go háirithe na múinteoirí ag canadh in an-aonar. Dár le John nach raibh
siad ró mhaith ar chor ar bith ach bhíomar (na páistí) ar fheabhas ar fad!
Uachtar reoite
Buaicphointe Seachtain na Gaeilge ná Uachtar Reoite. Nach bhfuil an t-adh linn go bhfuil Gaeilge ag an bhfreastalaí. Ana ana bhlasta ar fad
Subscribe to:
Posts (Atom)