Thursday 25 May 2017

Gael Fachtóir




Beidh Gaelfachtóir ar siúl arís i mbliana ar an Déardaoin 29 Meithimh agus tá na ranganna ana ghnóthach ag aistriú amhráin agus á chleachtadh don lá mór. Cé acu a bhéas an bua i mbliana?

Seachtain na Gaeilge




Bhain gach duine an sult as Seachtain na Gaeilge. Bhí bricfeasta trí Ghaeilge againn sa scoil. Chuireamar failte roimh Scoil Náisiúnta Cill na Sí agus Scoil Naomh Daithí go Tráth na gCeist . Bhí sé iontach casadh le páistí ó scoileanna eile agus Gaeilge a labhairt leo. Tháinig fear an uachtar reoite ar an Aoine le uachtar reoite ghlas do gach duine sa scoil.
Mhúin Múinteoir Bertie rince amháin do gach rang agus bhí ceilí iontach again sa halla. Leis sin bhí seó tallainne ag an gclub óg-ógras agus bhí na tuismitheoirí ar fad i láthair.
Buaicphointe na seachtaine ná cuairt óna Fanzini. Chuir Con Fanzini léiriú iontach de scilleanna sorcais ar fáil dúinn agus bhain gach uile duine taitneamh as.
Ghlacamar páírte i gcomórtaisí Seachtain na Gaeilge freisin agus rinneadh na teastaisí ar na páistí ag an tionól le déanaí.