Cuir feabhas ar do chuid Gaeilge!

Ba mhór linn feabhas a chuir ar ár gcuid Gaeilge anseo i nGaelscoil Nás na Ríogh. Dá bhrí sin, rinne an choiste suirbhé chun na botúin is coitianta sa scoil a aismsiú. Seo chugaibh na botúin is coitianta:
-      Sin mo
-      Mo charas teach
-      Dul mé go dtí an siopa
-      Tá sé bord mór
-      An bhfuil cead agam faigh mo mhála?
-      Cad a bhfuil tú ag abairt?
-      An chonaic tú é sin?
-      Rá mé

Bheartaíomar teacht ar bhealach taitneamhach spraoiúil chun na botúin seo a cheartú. Mar sin bíonn botún na seachtaine againn ag an tionól gach seachtain. Oibríonn an choiste go crua gach seachtain ar bhealaí cliste chun Gaeilge cheart a mhúineadh. Féach cad atá déanta againn!

No comments:

Post a Comment