Buaileann an club leabhair le chéile ar an Aoine sa
leabharlann scoile. Bíonn siad ag roinnt smaointí agus tuairimí faoina leabhair
atá á léamh acu. Bhí lúcháir orthu le déanaí nuair a tháinig an t-udár Siobhain
Grogan chucu chun scéalaíocht a dhéanamh leo ag baint usáíd as a leabhar féin,
‘Cén t-am é?. Mhínigh sí dóibh go bhfuil an méid sin leabhair as Gaeilge ar
fáil anois; scéalaíocht, leabhair lán le firicí, leabhair daite srl. Tá leabhar
ann do gach éínne! Bhí an tráthnóna ag na páistí agus thug Siobhain an
spreagadh dóibh leabhair trí Ghaeilge a léamh.
No comments:
Post a Comment