Bhí borradh mhór fúinn go léir ag Fuinneamh 2014! Féile na Gaeilge a bhí i bhFuinneamh a thug
seans dúinn an Ghaeilge a usáid taobh amuigh den seomra ranga ar an 29/30
Samhain. Bhí neart spraoi agus TORANN ag an gceardlann dramaíochta ar an Aoine agus bhain gach duin taitneamh as
an taispeántas rince ‘Cluichí an Ocrais’
níos déanaí.
Bhuail an grúpa leanaí agus tuistí le chéile fad is go
raibh ceardlann ealaíne agus rince ar siúl thuas staighre.
Bhuail daltaí ón nGael-Choláiste isteach chun maidin
spraoi a reachtáil.
Tar éis am lóin tháinig Aoife chun aghaidh dathú a
dhéanamh agus chuir Johnny Phelan seó sorcais ar siúl dúinn.
Ach buaicphointe an lae ná cuairt ó Dhaidí na Nollag.
No comments:
Post a Comment