Bronnadh Speisialta ón Airm
Bhí lúcháír ar an scoil ar fad nuair a tháinig Captaen
Marcus Ó Brógáin agus Amy Dermody chugainn chun an brat naisiúnta agus forógra
1916 a bhronnadh orainn ar an Aoine 21 Meán Fómhair 2015. Chaitheamar an
tseachtain ar fad ag cleachtadh Amhrán na bhFiann don ocáid speisialta
seo. Is sinne an chéad scoil a chan
Amhrán na bhFiann ag an searmáinis oifigiúla. Léigh an Captaen sliocht as an
bhforógra maraon le Múinteoir Anita. Beidh an brat á chur in airde ar an 15 Márta
i ngach bunscoil sa tír.
No comments:
Post a Comment