Craobh Ghaelfachtóir
Bhí gach dalta, múinteoir agus tuismitheoir ar bís nuair
a bhailíomar le chéile sa chlós ar an Déardaoin 11 Meitheamh do Chraobh
Gaelfachtóir. Réitigh Coiste na dTuistí Barbeque don phobal scoile uilig maraon
le cranchúr do thicéid go Páirc an Chrócaigh chun ‘The Script’ a fheiceáil. Cé
go ndearna gach rang a míle dhícheall bhí an bua ag Rang 6 le meascán ceoil ón
scannán Pitch Perfect agus Rang 2 leis an amhrán ‘Tóg Amach Mé’. Beidh deis
eile againn ar fad i 2016!
No comments:
Post a Comment